Tabhair Tosaíocht Nua don Oideachas
ar son an Oideachais féin!
(Leagan Béarla den ráiteas anseo )
Is é Paddy Healy, Iar-Uachtarán díreach ar
Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), an t-aon iarrthóir
roghnaithe agus droimscríofa ag an TUI chun dun in iomaíocht
do Thoghchán Seanad Éireann ar phainéal Ollscoil
Náisiúnta na hÉireann (NUI). Is é Paddy
an t-aon iarrthóir ar an bpainéal
seo a dhroimscríobh Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile
(IFUT), ceardchumann na léachtóirí agus na dtaighdeoirí ollscoile.
Déanann sé léachtóireacht sa bhFisic
in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
agus déanann taighde i bhfuaimíocht uirlisí ceoil. Is
ball é de Chumann Múinteoirí Eolaíochta
na hÉireann (ISTA) agus d’Institiúid na Fisice
(IoP).
Tá cónaí air i dtuaisceart Chathair Bhaile Átha
Cliath agus is as Cluain Meala in gContae Thiobraid Árann ó dhúchas é.
Is ró-dhéanach amárach do na páistí. Ní mór
do scoileanna braith ar Chumann Naomh Uinsinn de Pól chun
measúnuithe síceolaíocha a mhaoiniú i
gcomhair daltaí le riachtanais ar leith. Ag an am céanna
tá cúrsaí ar staidéir na mná,
drámaíocht, sean-Ghaeilge agus ceol faoi bhagairt ag
an tríú leibhéal. Cén fáth
sin? Is torthaí iad seo ar pholasaí réamhbheartaithe
an Rialtais.
Tá dochar á dhéanamh don Chóras Oideachais
ag gach leibhéal - bunleibhéal, meanleibhéal,
breis-leibhéal agus tríú leibhéal – trí Ghann-Mhaoiniú agus úsáid
Samhlacha Gnó. Tá géarghá ann ardtosaíocht
nua a thabhart don Oideachas ar a shon féin i sochaí na
hÉireann. Ní mór an maoiniú a
mhéadú ón leibhéal íseal ag a
bhfuil sé don chaighdeán idirnáisiúnta
is airde. Ní mór soláthar nua a dhéanamh
don oideachas réamh-scoile chun cabhrú le ciorcal an
mhíbhuntáiste a bhriseadh i gceart.
Smacht sna Scoileanna
Agus é ina Uachtarán ar an TUI, stiúraigh Paddy
feachtas bríomhar chun dísmacht sna scoileanna a leigheas,
rud a chuir le forbairt na Seirbhíse um Thacaíocht
Iompair agus le hathruithe tábhachtacha dlí chun múinteoirí agus
scoileanna a chosaint. Dhiúltaigh an tAire áfach
le moltaí bunúsacha ón Tasc-Fhórsa um
Iompar Daltaí leibhéil fhoirne a fheabhsú sna
mean-scoileanna. Chinn sí ar sholáthar seomra
i gcomhair thacaíocht iompair a theorannú do 36 scoil
lom, agus é sin ar bhonn píolótach. Ciallaíonn
sé sin nach mbeidh mórán athraithe gan tuilleadh
feachtas bríomhara.
Achmhainní agus Míbhuntáiste
Tá Paddy tar éis troid le fada chun méid na
ranganna a laghdú ag gach leibhéal, maoiniú a
mhéadú go mór do dhaoine faoi mhíbhuntáiste,
do sholáthar i gcomhair riachtanas ar leith agus do na seirbhísí síceolaíochta,
agus achmhainí breise a chur ar fáil i gcomhair mhúineadh
daltaí nach Béarla a gcéad teanga. Tá géarghá le
bearta breise chun laghdú ar luath-fhágaint scoile
agus fuadar a chur faoi fheabhsú na n-áiseanna sna
scoileanna.
Tuarascáil McIver
Mar Uachtarán ar an TUI, stiúraigh Paddy feachtas
chun deireadh a chur leis an leatrom ar 30,000 mac léinn sa
Bhreis-Oideachas, ina measc iad sin ar chursaí iar-Ard-Teiste
(PLC), trí thuarascáil McIver a chur I bhfeidhm. Tá céimeanna
suntasacha chun tosaigh déanta se réimse seo ach an-chuid
le déanamh fós.
Tá gá le hachmhainní móra breise maidir
le Youthreach, VTOS, Ionaid an Lucht Siúil, oideachas do dhaoine
fásta agus oideachas dara-sheans, chomh maith le litearthacht
agus soláthar oideachais bhunúsaigh.
Gann-Mhaoiniú na nInstitiúidí Teicneolaíochta
agus na nOllscoileanna
Tá Paddy den tuairim le fada fada nach ceart riamh tús áite
a thabhairt d’aidhmeanna gearr-théarma eacnamaíochta
thar an oideachas nó an obair acadúil. Ní mór
gann-mhaoiniú na nInstitiúidí Teicneolaíochta
agus na nOllscoileanna ina bpríomh-ról mar ionaid fhoghlama
agus scoláireachta a leigheas, trí mhaoiniú méadaithe
poiblí thar aon bhealach eile.
Tá Paddy tar éis troid go bríomhar le fada
i gcoinne tús áite a thabhairt d’aidhmeanna cúnga
eacnamaíochta agus d’fhórsaí an mhargaidh
thar mhúineadh, thaighde agus scoláireacht sna hInstitiúidí Teicneolaíochta
agus sna hOllscoileanna. Mar thoradh ar na próisis seo
tá samhlacha neamhoiriúnacha docharacha gnó á gcur
i bhfeidhm iontu. Ní aontaíonn sé ar chor
ar bith le haistriú achmhainní amach as múineadh
agus as réimsí acadúla a meastar a bheith neamhéifeachtach ó thaobh
costais amháin. Is fianaise ar a leagan amach sna cúrsaí seo
a chuid oibre fiúntaí chun an laghdú maoinithe
a bhí bagartha don soláthar ceoil sna hInstitiúidí Teicneolaíochta
a chosc.
Iarchéimithe agus Comhaltaí Iar-Dhochtúireachta
Faoi
láthair tá Paddy ag troid ar son beart nua gnó a
fháil i gcomhair iarchéimithe agus comhaltaí taighde
iar-dhochtúireachta agus deireadh a chur le mí-úsáid
náireach na gcomhleacaithe seo mar fhoireann shaor ócáideach
oibre sa mhúineadh agus sa taighde. Tá sé de
cheangal ar Paddy troid ar son leanúnachas fostaíochta
agus struchtúr cuí saolré, le pinsin, i gcomhair
taighdeoirí iar-dhochtúireachta.
Táillí do Mhic Léinn
Is leatrom
trom ar mhic léinn iarchéime, ar mhic léinn
pháirtaimseartha agus oíche, agus orthu siúd
atá fostaithe, táillí a bheith le n-íoc
acu. Is gá an córas gan táillí a
choimeád agus a leathnú amach. Ní mór
stop a chur le fás na dtáillí cláraithe
agus na deontais chothaithe a mhéadú go mór. Ní mór
an bealach isteach chuig oideachas do dhaoine fásta agus don
oideachas tríú leibhéal a leathnú.
Cosain an Coláisteachas !
Is lárnach an modh oibre fealsúnach a chuimsíonn
an ceangal gairmiúil agus an comhoibriú coláisteach
do chóras rathúil oideachais. Le déanaí tá moltaí agus
tosuithe ón Rialtas, maidir le cur i bhfeidhm córais
bhainistíochta ceangailte le samhlacha gnó, ag bagairt
na fealsúnachta seo agus ag baint an bhoinn di ag gach leibhéal
sa chóras oideachais. Ní mór an fód
a sheasamh go daingean ina choinne seo.
Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta
Is
dochosanta an gann-mhaoiniú don oideachas, don tsláinte,
do na seirbhísí sóisialta agus don soláthar
i gcomhair riachtanas daonna ag an am seo agus farasbairr ollmhóra
ann sa bhuiséad reatha. Tá an Rialtas ag cur
lánbhaic ar fhostú sna réimsí seo bíodh
is go bhfuil bearnaí móra san soláthar, rud
a chuireann beatha i mbaol ó am go céile. Tá lucht
na ngairmeacha sna seirbhísí sláinte agus sóisialta
ag iompar ualach dofhulaingthe oibre, agus iad faoi strus fíorard,
ag an gcóras nach bhfuil in ann soláthar mar is gá dóibh
siúd atá faoin a gcúram.
Pinsin
D’imir Paddy ról mór i gcosaint na bpinsean
san earnáil phoiblí. Sheas sé an fód
i gcoinne tabhairt isteach phá neamhlárnaigh agus gan
aon phinsean ag dul leis sa tseirbhís phoiblí, agus
i gcosc a chur ar aon chaolú sa chomhghnás go méadaíonn
na pinsin i bpas le pá na leithéidí atá fós
fostaithe. Agus é fós ina Uachtarán ar
an TUI sheas sé an fód go láidir i gcoinne iarrachtaí a
bhí ar siúl an bonn a bhaint ó na trí dual
de scéim luath-scoir na múinteoirí.
Tugann sé tacaíocht láidir freisin do na ceardchumainn
atá ag iarraidh córais mhaithe phinsin san earnáil
phríobháideach a choimeád.
Leanfaidh Paddy Healy ar aghaidh ag obair ar na hadhmeanna seo sna
blianta seo romhainn. Léiríonn taifead na néachtanna
a d’éirigh leis a bhaint amach agus é ina Uachtarán
ar an TUI, go mbeadh sé ina shár-chosantóir
ar oideachas agus ar na seirbhísí poiblí i Seanad Éireann,
má roghnófar é.
Tabhair Vóta Uimhir 1 do Paddy Healy
Iarrthóir Aontas Múinteoirí Éireann
(TUI) do Sheanad Éireann
Droimscríofa ag Cónaidhm Éireannach na Múinteoirí Ollscoile
(IFUT)
Is é Paddy Healy and t-aon iarrthóir atá droimscríofa
ag Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) agus ag Cónaidhm Éireannach
na Múinteoirí Ollscoile (IFUT) ar phainéal an
NUI.
Lena chois sin, ba mhaith leis na daoine seo a leanas a
iarrthóireacht
a droimscríobh agus é sin a chlárú:
An tUasal Tim O’Meara, Uachtarán TUI, Pobal-Scoil N.
Einde, Luimneach
An Dr Joe Brady, Uachtarán IFUT, Ceann, Scoil Tíreolaíochta,
Phleanála & Pholasaí Chomhshaoil, Coláiste
Ollscoile Bhaile Átha Cliath (UCD)
An tUasal Don Ryan, Leas-Uachtarán TUI, Coláiste Sinsearach
Luimní
Professor Anthony G. O'Farrell, Roinn na Matamaitice, NUI Mhaigh
Nuad, Leas-Uachtarán IFUT
An tUasal Fergal McCarthy, Rúnaí Oinigh Náisiúnta
TUI, Coláiste N. Brógáin, Droichead na Banna,
Co Chorcaí
An tUasal Daithi Simms, Cisteoir Náisiúnta TUI, Ceann
Roinn na Leictreonaice, Institiúid Teicneolaíochta
Luimní
An tOllamh Breandán Ó Cochláin, Iar-Uachtarán
IFUT, NUI Gaillimh
Ms Bernie Ruane, Cathaoirleach ar Fho-Choiste Pobail agus Cuimsitheach
an TUI, Scoil Cuimsitheach na Sionainne, Co an Chláir
Ms Marie Humphries, Oifigeach Comhionannais, Craobh Chathair Bhaile Átha
Cliath TUI, Coláiste Breis-Oideachais an Halla Bháin,
Baile Átha Cliath
An tOllamh Kathleen Lynch, Ollamh le Staidéir Chomhionannais,
Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath
Ms Josephine O’Donnell, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin,
Coiste Gairm-Oideachais Co Longphoirt
Ms Ita O’Donovan, Stiúrthóir Córúil,
Stiúrthóir na Scoláirí Lassus, Leachtóir,
Institiuid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
An tUasal Joe O’Donnell, Ceard-Scoil Stranorlar, Co Dún
na nGall
An tUasal Oliver McCormack, Coláiste an Tulaigh Mhóir,
Co Uíbh Fhailí
Ms Mary Friel, Príomhoide, Coláiste Pobaile Margaret
Aylward, An Halla Bán, Baile Átha Cliath
An Dr Eileen O’ Herlihy, Taighdeoir Iar-Dhochtúireachta,
Coláiste Ollscoile Chorcaí (UCC)
An tOllamh Matt Hussey, Stiúrthóir Dhámh na
hEolaíochta, Institiúid Teicneolaíocha Bhaile Átha
Cliath (DIT)
An tOllamh Declan Kiberd, Ollamh le Litríocht Angla-Éireannach,
Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (UCD)
An tOllamh Tadhg Foley, Roinn an Bhéarla, Cathaoirleach an
Bhoird, Ionad na Staidéar Gaeilge, Ollscoil Náisiúnta
na hÉireann, Gaillimh (NUIG)
An Dr Gerry McRuairc, Léactóir le hOideachas, Coláiste
Ollscoile Bhaile Átha Cliath (UCD)
Ms Alice Darcy, Taighdeoir Iarchéime, Tíreolaíocht/Éiceolaíocht.
Coláiste Ollscoile, Corcaí
An Dr Maria Davoren, Comhalta Taighde, Institiúid Teicneolaíochta
Bhaile Átha Cliath
An Dr Sorcha Healy, Taighdeoir Iar-Dhochtúireachta, Institiúid
TaighdeTyndall, Coláiste na hOllscoile Chorcaí
An Dr Barry Glynn, Taighdeoir Iar-Dhochtúireachta, Ionad
Náisiúnta Fáithmheasta, Ollscoil Náisiúnta
na hÉireann, Gaillimh (NUIG)
An tUasal Paul O’Hara, Léachtóir le hInnealtóireacht,
Institiúid Teicneolaíochta, Ceatharlach
An tUasal Colm Long, Léachtóir le hInnealtóireacht,
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT)
An tUasal Billy Darcy, Comhairleoir Talmhaíochta, Teagasc,
Durlas Éile, Co Thiobraid Árann
An tUasal Aiden Bell, Léachtóir, Institiúid
Teicneolaíochta, Sligeach
An tUasal Martin Marjoram, Léachtóir le Matamaitic,
Institiúid Teichneolaíochta, Tamhlacht
Ms Ann Murphy, Léachtóir le Ríomhaireacht,
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Blainséir
An tUasal Eddie Conlon, Léachtóir, Dámh na
hInnealtóireachta, Institiúid Teicneolaíocha
Bhaile Átha Cliath
An Dr Tom Dooley, Léachtóir le hInnealtóireacht,
Institiúid Teicneolaíocha Dhún Dealgan |